CUAIRTEANNA
Caisleán Bhiorra
Ionad na hEolaíochta Stairiúla
Is i gCaisleán Bhiorra, Contae Uíbh Fhailí a chónaigh an teaghlach cumasach, airgtheach Parson – i measc bhaill an teaghlaigh thar na blianta bhí réalteolaithe, innealtóirí, grianghrafadóirí agus luibheolaithe. Tá an teach anois mar Ionad na hEolaíochta Stairiúla in Éirinn, áit ar féidir le cuairteoirí eolas a fháil faoi eolaithe iomráiteacha Éireannacha. Is ann atá an sreang-dhroichead crochta is ársa san Eoraip, na gairdíní is fairsinge in Éirinn, na fálta bosca is airde ar domhan, an seomra dorcha grianghrafadóireachta is sine ar domhan (ach níl cead isteach ag an bpobal faraor), crann darach Uí Chearúil, agus tuilleadh
Is féidir dul ar thuras eolaíochta féin-stiúrtha, a dearadh le curaclam an Teastais Shóisearaigh ar intinn, a thugann léargas do chuairteoirí ar theileascóip, ar scátháin, ar ghrianghrafadóireacht agus ar réalteolaíocht. Tá ionstraimí eolaíochta ar taispeáint a úsáideadh le 200 bliain anuas, rud a thugann léargas ar obair theaghlach Pharson agus ar a spreag iad an méid sin a dhéanamh ar son na heolaíochta agus na hinnealtóireachta.
Ar na hábhair eile a chlúdaítear ar an turas tá Tábla Peiriadach na nDúl, na Miotal agus na gCóimhiotal. Tá ceisteanna agus cleachtaí bunaithe ar na taispeántais san iarsmalann a bhaineann le curaclam an Teastais Shóisearaigh. Do pháistí níos óige tá turas 'Discover Primary Science’ ar fáil, faoi stiúir oifigigh oideachais.
Tailte Chaisleán Bhiorra
Leanann an turas leis amach faoin aer, mar ar féidir cuairt a thabhairt ar na gairdíní, ar aibhneacha, ar an loch, ar cheapach raithní agus ar mhóinéar le bláthanna fiáine, áit a bhfuil an teileascóp cáiliúil é féin lonnaithe. Cuireann an turas na cuairteoirí ar an eolas faoi éiceolaíocht na háite le crainn agus plandaí dúchasacha áirithe ainmnithe.
Is cuairt oideachasúil agus taitneamh araon í an chuairt ar Chaisleán Bhiorra. Éiríonn leis an gcuairt seo an eolaíocht a chur i láthair ar bhealach sothuigthe agus spéisiúil, a chinntíonn go mbíonn cuairteoirí tumtha i saol na heolaíochta ar feadh na cuairte, gan trácht ar i bhfad ina dhiaidh.
Uaireanta Oscailte: Gach Lá 09:00-18:00